School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 278
- XML “Sprid an Tinniúis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An lá na dhiaidh san nuair dinnis sé a sceul dos na comharsanaibh do chreid a bhfurmor é ach bhí foth dhuine nár chreid agus is amhlaidh a bhiodar súd ag magadh fé agus a radh gur amhlaidh a ól sé braon éigin agus gur luig sé air nuair na raibh an taithighe aige air.
Ní fheadfadh an fear an sceul a chur as a chuimhne agus bhí sé ag goilleamhaint go mor air go dtí gur bheartuig sé sa deire go nochtadh sé don sagart é. Bhí saghas faitchiosa air dul le na leithad scéil don sagart acht is amhlaidh a chuir seisean ana shuim ann agus gheall sé go dtiocfadh sé leis chun na háite an oidhche sin. D'fhan an fear ag tig an tsagairt go dtí go raibh sé deunach go maith san oidhche agus ansann thánadar go dtí Páirc an Tinniúis. Ní túisge ann dóibh gur leim an siorrach amach ar an mbóthar. Do tharraing an sagart buidéal uisge coisrighthe as a phóca agus steall sé cuid de ar an siorrach agus chuaidh sé sios tríd an bóthar. Ní fheacathas riamh ó shoin é. Mar sin fein níl seanduine san áit seo a raghadh thar an áit sin tar eis doireachacht, ar shaidhbhreas Daimer.- Collector
- Seán Ua Lineacháin
- Gender
- Male
- Address
- Farranfadda, Co. Cork
- Informant
- Seán Ua hEaluighthe
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Address
- Farranfadda, Co. Cork