School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 287
- XML “Gaiscíoch na hÁite seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear na chómhnuidhe i Muillean Mór fadó agus bhí sé go h-ana mhaith chun cloch a chaitheamh thar dhruim a ghualainn. Ba dheacair fear d'fhághail a bhuadhfadh air ag caitheamh caiste. Bé an fear ab fhearr i gCúm-Thóla é chun mearóg a chaitheamh.
Do bhí fear eile na chómhnuidhe i gCúm-Thóla uair gur ab ainim do Diarmuid Garbh. Do bhí an fear seo thar barr chun reatha agus chun iománuidheachta. Do chuireadh sé an liathróid pé fhaid ba mhaith leis le buille chamáin. Do thógfad sé ualach idir a dhá láimh oiread agus a thógadh aon bheirt fhear eile. Is minic d'fhág sé a bhaile maidean Gheimhridh agus do shiulbhalfhadh sé isteach go Cill Áirne chun a chíos do dhíol agus do bhíodh sé sa bhaile airís ag cómharac laé is oidhche an lá ceudhna.- Collector
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gender
- Male
- Address
- Mill Big, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Mill Big, Co. Cork