School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 305
- XML “Sprid Céim a Diubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)305
... deirig an chloch go heasga agus cad a bheadh fúithe ná próca breagh óir buidhe. "Seadh 'nois" ar sise "a bhfuileanntú sásta?"
"Cuir do dhá láimh air agus tóg seilbh de agus cuir an leac na luighe arís mar a bhí sí."
Shiubhal an bhean ansann go cuinne an gháirdín agus dubhairt leis an buachaill poll eile a dheunamh ansann. Do dhein agus bé an sceul ceadna arís é acht go raibh a dhá oiread óir sa tarna próca. D'fhiafruigh sí dhe arís a raibh sé sásta agus geallaimse duit gur bé do bhí.
"Anois" ar sise tá gach nídh ar fheabhas an domhain acht dá dtógfainnse biadh no deoch uaitse ó chianaibh cuirfí sa tseilbh ceudna arís agus bheinn im sprid arís."
"Anois" arsan bhean "Táim ana bhuidheach diot agus tá gach nídh dá fheabhas saolghalta agat. Níl aon rud le deunamh agat anois acht an slabhra so im timcheall do scaoileadh." Do dhein.
Ní túisge a dhein na gur eitil sí na cholúr glégeal san aer uaidh. D'imthigh sí as a radharc siar ó thuaidh i dtreo Gugáin Barra.Fuarthas ó: Dhiarmuid Ua Caochlaí (100bl)
Snámh- Informant
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork