School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 313
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Ós do bhíos ag fiadhach is ag sealgaireach lá breagh den'shaol”
Ós do bhíos ag fiadhach is ag sealgaireacht lá breagh dem' shaol,
As mo choin go dian am fhaire 'gham i ngleanntán sleibhe
Do chonnacsa chugham an ainnir bhreagh is a gruadhna ar dhath an airgid
Is a cuacha breaghtha barra-chas ag fás lei go féir.Do smaoineas-sa trém aisling gur sidhe-bhean í i gcéin
Gurab í Juno, Helen, Palas í na an righ-bhean Baclaobh.
Gurab í Dido fein an ainnir bhean no Déid a chlaoidh na fearracaoin,
No Hélen mhill na Clanna Gaoill i mbruidhean san na Traé.Mo shlán beo chun mo athar is chun mo mháthar fein
Do thóg suas gan easba mé i dtosach mo shaoghail
Do thug leabhair, leigheann is laidean dom is scrí go caol is grammar do
Is ní raibh an domhan dá bharra agam ach mo ghrádh is mo laogh.Do dheunfainn rómhar is grafadh duit no bád a chur i ngleas.
No bhainfinn móin le ceathrar ar fior bharr an tsleibhe.
Is dólfainn coróinn sa tabhairne is nior mhó 'gam é na leath-pingin
Óir ta ór go leór i Sasana más gadh dhuinn é.- Informant
- Seán Ua hÉaluighthe
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Address
- Farranfadda, Co. Cork