School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 314
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Ist oidhche de hAoine ar mo luighe dhom ar leabaidh”
Ist oidhche de hAoine ar mo luighe dhom ar leabaidh
Cad a bhrathfainn im thímcheall ach Light Horse an airm
Do phreabas im shuidhe suas is d'eirigheas a'm sheasamh
Ritheas naoi míle gan bríste gan hata.A dhaoine uaisle na nárann tugaidh spás dom ar mh'anam
Tugaidh peann dom an láimh dheis agus paipéar le breacadh
Go scríobhfad cúpla líne no trí chun mo athar
Go bhfuil a mhac criona le díothú san arm.Blian as an lá amáireach iseadh d'fhágas an baile
Nior stadas de'n stáir sin go ndeaghas go Cluain Mealla,
Do lean Brighid agus Máire me á rádh liom filleadh abhaile,
Se mo chathú dubhachsa gear brónach nách é a gcómhairle a ghlacasIs buachaill fior óg me do tógadh faoi cheannas
Ag an mnaoi úd do tál orm is thug a cúm dom mar leabaidh
Thug sgrí dom as leigheann dom as ceárd breagh chun martha
Ní sásóchaidís goléir mé gan liostáil san airm.Do bhí fhios ag an Rioghan Glórmhar agus ag na cómharsain am aice
Go rabhasa cómh stuama le haon bhuachaill sa bhaile
Do rinncfinn is do gháirfinn is do shnámhfainn seal caise
Is bhuailfinn poc báire cómh hárd leis an ngealaig.(continues on next page)- Informant
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork