School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 328
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sagart ag siubhal an bhóthair lá agus é ag leigheamh an phortúis. Tháinig bean tinnceara suas leis ag iarraig deirce. Nior chuir sé aon tsuim uirte. I dtreó go néisteadh sé lei tháinig sí roimis ar an mbóthar agus dubhairt "Teachtaire ó Dhia iseadh mise A Athair." "Mhuise" arsan sagart go neamh-chas[?] nách gioballach d'fhág Sé amach thu.
An sagart ceudna bhí sé amuigh lá agus bhuail bucaillín óg air. Chuir an sagart air agus d'iarr air a raibh a Theagasc Chriostuidhe aige. Ambaiste dubhairt an buachaill go raibh. "Cá bhfuil Dia?" ars an sagart. "Tá sé ins gach aon áit" ars an buachaill. "An bhfuil sé istig id phóca? ars an sagart. "Níl" arsan buachaill. Cad dubhraís ó chianaibh?" arsan sagart. "Dubhairt" arsan buachaill "go bhfuil Se ins gach aon áit." "Anois" arsan sagart "bhfuil Sé id phóca." "Níl" arsan buachaill "mar níl aon phóca in aon chor agam."
Chuaidh súinear, gabha agus tailliúr ag bádóireacht lá. Nior bhfada amuigh iad nuair deirig stoirm. Bhíodar i ndeire a n-anama le scannradh. D'iarr an gabha ar an mbeirt eile a raibh aon phaidir acu. "Tá agam" arsan táilliúr. "Abair é" arsan gabha agus ní baol duinn. "A Dhia Mhóir láidir" arsan táilliúr "tá se seacht mbliana deug ó chuireas aon trioblóid ort agus geallaim duit má sábhalann tú anois me go mbeidh sé an faid ceudna airís go ndeunfaidh [?] aon chuir isteach ort.- Informant
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Gender
- Male
- Age
- 100
- Address
- Snave, Co. Cork