School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 332
- XML “Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Prátaí a bhíodh chun breacfeasta ag na daoine fadó agus leite mine bhuidhe i gcóir a ndinnéir. Ní ithidís acht dhá bhéile bhídh sa ló. Nuair a bíodh na prátaí úsáidthe acu acht an síol do bhíodh arán mincórnan agus arán seagail agus min coirce chun praiseach a dheanamh dí. Bhí bróinte ins gach aon tig an uair sin.
Mharbhuigheadh na daoine saibhre mairt dóibh féin. D'imigheadh na daoine bochta chun na gcnoc ag brocuigh agus is mó broc breágh méith a thugaidís abhaile leó. Bhí aon bhall amháin go dtuigaidís Clodach a Bhruir mar ainm air agus thugaidís broc is fiche abhaile leó as[?] san aon oidhche amháin. Bhí faill eile go dtugaidís [?] a Bhulláin air, agus thugaidis dachad ceann as an oidhche eile leó. Dheinidís iad a sgóladh annsan agus do scrios ar nós na muice. Chuiridís ar salann annsan iad ar feadh trí seachtmhaine. Nuair a bheadh an fheóil beirithe[?] ní aithneóchadh aoinne ó piosa muicfheóla í. Nior baon iongnadh an té a bhuaileadh iompa ag teacht abhaile go ndeireadh sé go mbeadh rud ar a mbior acu.- Collector
- Mícheál Ó h-Uallacháin
- Gender
- Male
- Address
- Kealanine, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ó h-Uallacháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Kealanine, Co. Cork