School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí Pádraig agus Oisín Mac Fhinn ag argóint ar chúrsaí chreidimh agus do theip glan ar Phádraig a chur 'na luighe ar Oisín go raibh Dia níos láidre ná Oscur. 'Sé dubhairt Oisín leis sa deire:-
"Dá bhfeicinn-se Oscur is Dia
Lámh ar láimh i gCnoch na bhFiadhach
Dá bhfeicinn-se Oscur ar lár
Dearfainn annsan gur fear láidir Dia."
"Conus a bhíodh na saosúir agaibh a Oisín?" arsa Pádraig agus d'fhreagair Oisín:-
"Bíodh Geimhreadh ceódhach
Earrach ródhach
Samhradh ríabhach
Agus Fómhar grianach"
"Dar mo bhasa a Oisín" arsa Pádraig "is maith a bhí Dia dhíbh"
"Ní h-é a bhí go maith dhúinn" d'fhreagair Oisín, " 'Fán/ach amháin sinn féin a bhí go maith dá chéile."- Informant
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Ballyluck, Co. Cork