School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bachach darbh'ainm Brian agus a bhean ar aonach Tí Molaga.”
Bhí bachach darabh’ ainm Brian agus a bhean ar aonach Ti’ Molaga. Bhí coróin i dtaisce ag Brian agus dubhairt sé le n-a bhean go rachadh sé a’triall ar a’ bhfile - Ó Colamáin, a bhíodh ar an aonach, féachaint goidé an cómhairle a thabharfadh sé dó mar gheall air, agus sin í a’ chomhairle a fuair sé:- “Cómhairle a bheirim-se féin duit
Seachain an fhéil' a Bhriain
Ná ól do choróin i n-aon fheacht
Agus gan agat ‘fáin a’ déirc na diaidh
Níor bheag ná go mbfearra dhuit raol de
Agus é a chaitheamh leat féin i mbiadh
Gan do choróin a d’ól i n-aon fheacht
Agus gan agat ‘fáin a’ déirc ‘na diaidh” Do bhí file eile ar an aonach darab ainm Tadhg Rua Ó Súilleabháin agus toisg nár sháth an céad chómhairle an Bríanach chuaidh sé a’ triall ar Thadgh Ruadh agus do fuair sé chómhairle uaidh agus sidé a’ chómhairle:- “Cómhairle a bheirimse féin duit,
Aire do’n fhéil a Bhriain.
Ól do scilling lá aonigh
Mar a dhein Ustar ar ghlaodhach na bhfiach.
Mar dá mbeadh agat airgead Déamar
Ní chuirfí aon raol it diaidh,(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Ballyluck, Co. Cork