School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cuas ar a dtaobh theas de Dhún Eóghain go dtugtar Cuas a'Tairbh air. San aimsir fadó ó shoin (tímcheall 250 blian ó shoin) do thagadh tatbh mór anuas ós na cnochaibh, tímcheall a h-aon déag a cchlog go dtí Tráigh Gainiú, suas bóthar na leachain, agus ó dheas go dtí an cuas sa, agus d'airióchthá cúig míle ó bhaile é a'búirigheal. Do bhí fear dána sa bhaile seo agus a dubhairt sé leis féin aon óiche amháin go gcuirfeadh sé deire leis a'tarbh go deó.
Chuaidh sé 'na choinne le corán agus do thánadar agaidh le h-agaidh i mullach bóthair na leachan agus do throideadar le céile.
Do mharbh sé a'tarbh agus ar maidin amárach bhí cairnín luatha' i n-ionad a'tairbh mar ar throideadar. Níl fhios ag aoinne riamh chár imigh an tarbh. Tháinigh an fear féin saor agus tugtear Cuas a'Tairbh ar a'gcuas riamh ó shoin.- Informant
- Donnchadh Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork