School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Tá Bóna-geal-parte a' rádh go dtiocfhaidh sé anall”
Amhrán
1
Tá Bona-geal-parte a'rádh go dtiochfaidh sé anall,
Sa chuan seo Chinn t-Sáile a'cur fán agus scaipeadh ar a'namhaid
Isé a deir mo chara, ins gach áit go bhfuil fir maith a'domhain
Go mbronnfaidh síad stát ar mhnáibh na gcraipí "lie down"
2
A chraipí glach scóip tá an cóisire anois ort a'teacht
Beidh "light horse" is "yeomen" is cromphuic h-Orange á 'slad
Beidh "flat-bottom boat" fé sheól ag General Parte
Is nác maoidheamh orainn lá ceóidh bheith a'tógáilt marbh as slab
3
"United" bítí gan mhoill agus tar chughainn le cabhair
Bíodh bhúr bpící glan díreach le stíl ceart amach as a gceann
Beidh bodaigh an fhill gan síol racmhas ná cabhair
Agus gheóbhaim'ne a'tslighe airís leis a gcraipí "lie down"
4
Is go bhfeichim'ne Seóirse i mbrón is i gcreachaibh a'domhan
Gan feasta, gan lón, solás gradam ná cabhair
Ach a loingeas á ndóigh agus a sheóltaí á ngearridh ag a namhaid
Ár gcraipí fé scóip agus ár gcóróinn le cur ar a cheann.- Informant
- Donnchadh Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork