School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)no beirt i gcónnuidhe a'díol na bprátaí go b'lea' Chliath ó gach baile, agus 'sé a'fear is líomtha gan dabht do cuirfí sa t-siúbhal.
Tráth go rabhadar a'teacht abhaile, ceathrear acha, agus pinginí airgead acha 'na bpóca t'réis lón a't-saosúir a'dhíol, insa bóthar dóibh idir Chorcaigh agus Cloch-na-gCoillte do chonnachadar a'fear taobh thiar de'n chlaidhe rómpa amach, gunna 'na láimh aige agus a hata i láir a' bhóthair. Tháinig crith eagla ar thriúr acha ach do choimeád a'fear eile a misneach fós.
Bhí fhios acha go raibh robáluidhe rómpa amach. Tánadar suas leis is do labhair sé mar seo "Cuireadh gach duine 'gaibh cúig scillinge isteach im' hata, nó mara gcuirfidh ní mairidh sibh abhfad" Do dhein an triúr rud air agus do bhí a'fear eile a'ceapadh birte chun scaramhaint leis, agus do cheap sé go maith leis é. Bhí píosa páipéir 'na phócha aige go raibh deallramh bille phúint air agus do chuimhnig sé air ar a'spota.
"Níl aon airgead agamsa" ar seisean "ach bille phúint agus táim sásta le'n é thabhairt duit má dtabharfair na cúig scilling déag atá insa' hata dhom." :Tá go maith" arsan fear a bhí i dtaobh istig de'n chlaidhe. Tharraing sé amach an bille phúint, mar dheadh, ós a chómhair amach agus chuir sé isteach san hata é. Thóg sé amach na cúig scillinge déag agus chuir sé 'na phócha é agus b'eo sa t-siubhal an ceathrar. Bhí casadh chúinne tímcheall caogadh slat rómpa amach agus níor chuir a'robáluidhe cos ar an mbóthar gur chasadar a chúinne, sa chaoi, is dócha ná gcuireadh siad ao'sórt aithne air. Nuair a chasadar a'cúinne ní misde(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork