School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá páirc i nDún Eoghain giorrachta do'n tuinn go nglaodhtar Páirc ba Siofarí air. Tímcheall a ceithre fichid blian ó shoin, agus roimhe sim bhíodh daoine an bhaile seo a'feuchaint ar na siofaraí ag báire agus ag aeraidheacht sa pháirc seo na h-oidheannta spéirghealaí ar feadh i bhfad aimsire. Ní fheichtar anois iad i nao' chor.
(no title)
“Fear a bhí a'teacht ó Chnoc Finn, cnoc mór árd lastuaidh de'n bhaile seo.”
Fear a bhí a'teacht ó Chnoc Finn, cnoc mór árd lastuaidh de'n bhaile seo. Bhí an lá ceathach fuar. Ar theacht abhaile dho agus é cortha traochta tnáite t'réis a chúrsa, do casadh seana-bhachach air agus d'fhiafraigh sé dhe canad as go raibh sé a'teacht. Seo mar d'fhreagair sé é:
"i mullach Chnuic Finn do bhíos indiu
Ní raibh foithin ó'n ngaoith ná o'n sín agam.
Chun go rithfidh a'díle treasna na fraoichibh
Ní fheichidh Mach Finn sa choill airís mé,
Is a rógaire chríona cuir díot go tuigh."- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork