School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do cailleadh long ar chuas i nDún Eóghain go nglaodhtar Cuas a Chochláin air.
B'í an oidhche ba stoirmeamhla í is do tháinig riamh ó shoin. Ní fheacha aoinne ao'radharc ar ao'daonaidhe beó ná marbh a bhí uirthe ach í féin i mbrúscar ar a'dtráigh ar maidin.
Is gnathach do na leithéidí sin a cailltear go bhfeictear a samhlacha roimh dhroch-shín airís. Am oidhche amháin tímcheall fiche blian ó shin bhí iascaire tímcheall a'chuais seo t'réis a photaí a chur i lár na h-oidhche. Bhí an oidhche chómh breágh sin ná aithineóthá áird na gaoithe. Do bhí sé nach mór 'na shuan 'nuair airig sé a'fothram agus an gleó go léir ar a dtaobh thiar de tímcheall na na h-áite gur cailleadh a'long ann. Tháinigh scannradh a'chroidhe ar agus tharraing sé na potaí gan mhoill agus dhein sé an talamh isteach chomh diair is do bhí ann. Ar maidin, 'nuair d'éirigh sé bhí stoirm a'dul anáirde 'sna failleachaibh.- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork