School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig sé abhaile agus d'innis sé a scéal dá mhnaoi bhocht. "Da ndéanfá rud orm" ar sise "ní bheadh do chac i n-Ifreann anois. Éirigh síos go dtí an tráigh feuchaint a gcasfaí aon nídh ort."
Chuaid sé agus fuair sé bradán (burdán) breágh úr i mbarra na taoide. "Tá agam i ndeire, buidheachas le Dia" ar seisean leis féin. "Da ndéanfainn mar sin ó chianaibh ní bheinn mar atáim anois." Rug sé abhaile an bradán agus do bhí an beirt sásta i gcóir a' tráthnóna agus um thráthnóna do gaibh duine uasal éigin saidhbhear a dtreó agus thug sé cabhair dóibh.
O'n lá san amach níor rug ao' lá gátarach ortha, ach bhí cathú a choise damanaithe a' goilleadh go mór ar Sheán agus sé an pionós a chuir sé uirthe sa deire ná í fhágháilt nochtuighthe faid a mhair sé. Is ar an adhbhar san a tugadh "Seán na Coise-nochtuighthe" mar ainm air.- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork