School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuadh do thógaint, árduigheadh pé méid cloc a fágadh den sean-Séipéal agus leachtuamba de Muintir Barry, agus caitheadh isteach iad fé fhallaí daingne a cuireadh timpeall an Duín.Ní túisge Seamus II i gcoróinn Shasana agus beagán saoirse faighthe ag na Caitilicig ná tosnuigheadh ar Séipéal eile do chur suas tamall ó Thobar na Tríonóide. Ba ghearr a chuaidh leis. Dúnadh é agus is i measg sléibhthe nó i ngleann dubh uaigneach a léightí an t-aifreann a gan fhios. Mar sin féin níor staon na daoine óna bpaidreacha do rádh ag an dtobar beannuighthe. Nuair a bhí saighdiúirí Sasana i seilbh an dúin do deineadh iarracht ar deire do chur leis na socraidí go dtí an roilig. Ach dá n-aimhdeoin sin in am marbh na h-oidhche do curtí na marbh ann.
Criostína Ní Bhuachalla,
Sráid an Teamphaill,
Cionn tSáile
Fuaireas an t-eolas
ó Shéamus Breathnach- Collector
- Criostína Ní Bhuachalla
- Gender
- Female
- Address
- Kinsale, Co. Cork
- Informant
- Séamus Breathnach
- Gender
- Male