School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhé Pádruig Mac Coitir an fear ab' airde dar mháir sa tír seo riamh. I gCionn t-Sáile a rugadh é sa bhliadhain 1760. I dtosac a shaoghail bhí sé ar nós aon bhuachalla eile. Ach nuair a bhí sé timceall seacht mbliadhna deag d'aois tháinig athrú air. An t-am san chuireadh ag obair é mar phríntíseac ag saor cloice. Tamall 'na dhiaidh sin buaileadh breoidhthe é. An fiabhras a tháinig air. An fhaid is a bhí se 'na luighe d'fhás sé cómh mór san gurb éigin an plannc a bhí ag cos na leabhthan adhmaid do ghearradh cun slighe do dhéanamh dá chosaibh. Do bhí sé ag fás leis go dtí go raibh ocht dtroighte is seacht n-orlaigh aoirde ann agus é in aois a naoi mbliadhna déag. Is mó eachtra greannmhar atá i mbéalabh na ndaoine fós i dtaobh an Fhir Mhoir iongantaigh seo, mar shompla
Ag gabhail tré lár Sráide an Mhargaidh do, dfhéadfadh sé cimilt leis na tigthe ar gach taobh de gan aon duadh ach a dhá láimh do shíneadh amach uaidh, bhí sé com mhór leathan san. Uair éigin eile thagadh sgannradh ar an bhfear bhfaire san oidhche, nuair a chífeadh sé an fathach agus(continues on next page)- Collector
- Criostína Ní Bhuachalla
- Gender
- Female