School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 065
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 065
- XML “Dearmad Eoghain Ruaidh”
- XML “Scéal Seán Bráthair Ó Conchúbhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Eoghan Ruadh is sagart ag teacht ó stásúin lá fuar, fliuch, agus béigin dóibh abha a chrosadh. Thárla go raibh tuille mór san abhainn agus ní fhéadfaidís é chrosadh. Fé dheireadh bhain Eoghan a bhróga is thóg sé an sagart leis ar a dhroim. Nuair bhíodar díreach istigh san abhainn fuair Eoghan barra-thuisle. "Seacain tú féin" arsan sagart go searbh. Thiomáin Eoghan leis arís is nuair bhíodar díreach i lár na h-abhann thug Eoghan fé ndearra go raibh beirt cailíní ag dul treasna san am céadhna agus bhí a gcuid gúnaí ag imtheacht leis an ngaoith. "Nach breágh na colpaí atá acu san" arsa Eoghan. "Tá an diabhal thiar ort" arsan sagart agus gan amhras b'é an sagart féin a bhí thiar ar dhrom Eoghan " Má thá" ar seisean "is gearr a bheidh" is le na linn sin chaith sé an sagart ó's gcionn a chinn isteach san abhainn.
- Nuair bhí Seán Bráthair sa Róimh cheap sé ar é féin do bhearradh agus ní raibh ach taobh d'á leacain beárrtha aige nuair a chuímhnig sé gurb é an Luan a bhí ann agus nárbh mhaith é lomadh an Luain.
Stad sé agus le na linn sin bhuail gach clog d'á raibh sa Róimh. Bhí fhios ag an bPápa annsan(continues on next page)- Informant
- Seán Ua Donnachadha
- Gender
- Male
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry