School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tráth éigin ins a' t-Samhradh do bhí Eóghan Ruadh a' dul o Uíbh Ráthach síos go Luimnigh a' spealadóireacht no a' baint féir le speil. Bhí duine éigin eile ar an mbaile ceudhna agus gádhtar airgid air agus d'iarr seisean cead ar Eóghan é leigint in aonfhacht leis. Thoilig Eóghan ach d'iarraidh sé do'n fhear "a bhfuil puínn airgid agat i gcóir cosdais a' bhóthair." "O mhuise níl" arsa an fear eile "níl agam ach trí seulacha." "Seadh" arsa Eóghan "agus níl agamsa ach dhá scilling caithfhimíd beith ana spárálach." Ghluais an bheirt chun bóthair agus bhíodar ag cur na slíghe dhíobh. Thógfhadh sé ceatair no cúig de laétheannaibh ortha dul go Luimnigh agus bhí ortha tarrac ana chaol ar an airgead.Ins an am so bhí file in áit éigin i gCo Luimnigh agus fear tábhairne ab eadh é. Deireadh na daoíne gur b'é an Mangánach é ach ní dóigh liom go bhfheadfadh sé sin a bheith fíor. D'airig an file seo trácht ar Eóghan Ruadh ach ní raibh aon aithne aige air. D'airig sé na daoine ag canadh a chuid amhrán is moladh mór acu air. D'airig sé mar an gceudhna gur fear bocht dealbh Eóghan go mbíodh sé fánach siúbhaloidhach (?) ach go raibh sé árd féigheanta chómh maith agus eólas ar an laidean aige is bhí ana dhúil aige aithne a chur ar Eóghan Ruadh agus bheith tamall 'na chuideachtain no 'na chómhluadhar.(continues on next page)
- Informant
- Diarmuid A' Chotair
- Gender
- Male
- Address
- Doire na Sagart, Co. Cork