School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 096
- XML “Seán Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear thiar i gCiarraidhe fadó agus bhí leabhar Gaoluinne aige. Sé ainm a bhí air ná "Tadg Gaolach"Thagadh na chómharsain isteach ag scuruidheacht agus ag éisteacht leis ag léigheadh an leabhair agus 'á scrúdú. Bhí duine críona de na cómhairsain ag éisteacht leis "Déanfá dochtúr maith a Sheáin" ar seisean, "tá mórán daoine móra ann agus shamhluigheann siad go mbíonn siad breóidhte agus ní bhíd."Lá ar na mháireach comáin sé féin agus a bhean go Corcaigh agus do fuaradar lóisdín na h-oidhche ann, bhí muintir an tíghe 'a fhiafruighe dhóibh an raibh aoinne ag fághail bháis i gCiarraidhe agus dubhradar ná fuair aoinne bás le cúig no sé bliadhna pé sgéal é "Airiú ná fuil fhios agaibh go bhfuil an bás caithte isteach sa bhfarraige i mbuidéal". Tá daoine ag faire ar an dtráigh ar eagla go dtógfadh aoinne an bhuidhéil agus go mbainfeadh sé an chorc dhe agus go mbeadh sé ag marbhúghadh na ndaoine.Chomáin Seán agus a bhean go dtí an fharraige agus bhí an taoide istigh, dhruideadar amach le linn an taoide bheith ag imtheacht, agus chonnaic sé buidéal caithte ar an dtráigh agus bhí corc air. Dubhairt Seán leis féin go mb'fhéidir gurab'é seo an bhuidéal 'na bhfuil an bás ann. "Is mise an bás" dúbhairt guth(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Uí Thuama
- Gender
- Female