School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 101
- XML “An Ridire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé an claidheamh arís agus thuit cioth nimh de agus dúbhairt sé léi cér'bhé a athair ach d'fhan sí na tost.
Do chroth sé é an trímhadh uair agus thuit cioth fola as agus dúbhairt sé léi go gcaithfeadh sé an ceann di muna neósfadh sí dho é, ansan d'innis sí do é, agus dúbhairt sé léi na codhlóchadh dhá oidhche ar aon leabaidh agus ná h-íosfadh sé aon bhiadh cun go bhfaghadh sé a athair. Dubhairt sí leis go bhfaghadh sé a athair sa rígh-theaghlach ar barra-cnoc na bhfionn. As go bráth leis agus a chlaidheamh na láimh aige agus ní stadfadh sé an tarna oidhche in aon tig dá bhfaghadh sé Éire le chéile.
Do bhí sé ag cuimhneamh cuige féin go dtí gur shrois sé tigh an Rudaire, agus ní raibh sé ach aon bhlian déag an uair sin. B'é an céad duine a bhuail uime ag dorus an tíghe mhóir ná an cailín aimsire. D'fhiafhruig sé di an raibh fhios aige cadé an rud Eagla, agus dúbhairt sí leis gur cuma dho an raibh fhios aici nó ná raibh.
Do bhuail sé slais uirthi agus d'iompuig sé a aghaidh siar chun a drom, agus nuair a chonnaich an Ridire bocht é sin do tháinig eagla air agus bhí sé deimhnightheach go marbhóchadh sé é féin nuair a chonnaic sé cad abhí déanta aige leis an gcailín.
D'fhiafhruig Oscar d'en Rudaire an raibh fhios aige cad é an rud Eagla. Dubhairt an Ridire(continues on next page)- Informant
- Ristéard Mac Suibhne
- Gender
- Male