School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 115
- XML “An Scoláire Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheidh se bliain is fiche” arsan scoláire. Fuair an buachaill sgoil agus sgoláireacht óna athair is a mháthair.
Do thug sé fé ndeara an t-athair agus an máthair ana bhuartha agus d’fhiafhruig sé díobh cadé an buairt abhí ortha agus d’innis siad do, dúbhairt sé leó go bhfágfadh sé Éire agus ná chuirfeadh sé aon cheann-fé ortha. D’imthig sé anonn go Sasana nó go h-áit éigin agus isteach idtig mhinistéir a chuaidh sé agus do réidhtig sé leis.
Nuair a thagadh an oidhche i gchómnuidhe do théigheadh sé ag sguruidheacht. Bhí beirt mach ag an mhinistéir agus bhí ionghnadh ortha cá dtéigheadh sé. D’fhaireadair é agus chonnacadar é ag dul isteach sa séipeal ag rádh a phaidreacha ag an altóir.
Thánadar abhaile agus d’innseadar dá n-athair é agus dúbhairt sé leó é a fhaire arís, gach oidhce, agus chuaidh sé isteach sa t-seipéil airís istoidhche amáireach agus leanadar é arís agus bhí sé ag paidreóireacht ag an altóir. D’osgaluigheadh an sacristí agus tháinig sagairt amach agus culaith aifrinn air agus dhúbhairt sé “An bhfuil aon cléireach ansan a fhreagróchadh an aifrinn dom?” ach níor labhair aoinne agus d’imthig an sagart airís.
Chuadar abhaile agus d’innseadar dá n-athair agus dúbhairt sé leó é fhaire arís an oidhce na dhiaidh san. Chuaidh sé go dtí an t-sheipéil arís agus tháinig an sagart céadna agus dúbhairt sé an rud céadna leis agus do labhair duine agus dúbhairt sé go raibh, agus do tógadh suas an buachaill agus é ceangailte le córdaí agus(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Thuama
- Gender
- Female