School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 117
- XML “An Firín Dearg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lánmhain na gchómhnuidhe i gCiarraighe gurb' ainm dóibh Diarmuid agus Siobhán. Bhíodar ana shaidhbhir. Bhí duine bocht sa chómharsanacht agus Séamas a ghlaoidhtí air, agus bhí sé sin ana bhocht, bhí feirm beag thailimh aige ná dhéanfadh naosgach a chothúghadh.
Bhiodh Diarmuid agus Siobhán i gchómhnuidhe ad'iarraidh leath-scéal éigin d'fhágail chun Séamus a chur as a fheirm agus é fhághail dhóibh féin. Dúbhairt Diarmuid go marbhóchaidís é, agus dúbhairt Siobhán go gcrochaidís é. Bí priúnse 'na chómhnaidhe i mbhotháinín, in aice leó gurbh ainm do an Conallach, agus dúbhairt Siobhán go raghadh sí féin cuige agus go ndéarfadh sí leis a rádh le Séamas caisleán breágh do bheith déanta aige i gcionn trí seachtmhaine nó go marbhóchfaidís é.
D'imthig sí léi go dtí an Conallach agus dubhairt sí leis gur mór an náire de bheith 'na chómhnaidhe i mbhotháinín mar sin, agus dubhairt sí leis a rádh le Séamus caisleán a bheith déanta aige do i gcionn trí seachtmhaine.
Airiú adúbhairt an Chonnalach, ná féadfadh an duine bocht é a dhéanamh, ach dúbhairt Siobhán leis é a dhéanamh anois, agus chuaidh an Conallach cun Séamuis agus d'innis sé an scéal do, do thosnuig Séamus ag gol, agus faidh abhí sé ag gol, tháinig firín beag dearg chuige agus ar seisean "Airiú a Shéamuis cad tá ort"? "Ó ní fhéadfá mo scéal a leigheas" arsa Séamus(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ua Murcadha
- Gender
- Male