School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 134
  3. XML “Seamuisín na nGort Sceadach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann auir agus bhí aon mach amháin aici agus isé an ainm abhí air ná Seamuisín na nGort sgeadach. Buachall ana maith ab' eadh é agus bhíodh sé amuich gach aon lá ag tuilleamh a phág agus bhí na cómharsain ana bhuidheach do mar bhí se aireach.
    Do bhí seana tig tamaillín ó'n dtig agus d'airíghtí ceól ana bhreágh sa tig go minic agus bhí dúil ag Seamuisín dul ag éisteach leis an gceól. D'éaluig sé ó'na mhátair oidhche agus d'imthig sé treasna na páirce fé dhéin an tíghe go mbídh na púcaí ann.
    Nuair a bí sé ag teacht i gcómhgar an tíghe b'airighdear an ceól breágh agus stop sé ag éisteacht leis ar feadh tamaill. Druidh sé isteach agus bhí an tig lan go marra de daoine ana bheag go leór agus iad ag rinnce agus ag damhas agus ní fhéadfadh aoinne cimeád amach uata.
    Isteach le Seamuisín agus d'fháiltigheadar roimis agus do thosnuig sé ag rinnce agus ag damhsa na dterannta ar feadh tamaill maith d'en oidhche. Dúbhradh leis sa deireadh go rabhadar ag dul ag lorg cailín chun í ghuid agus í thabhairt leó agus d'fhiafhruighdear do Seamuisín an raghadh sé in aon-feacht leó agus dúbhairt sé go raghadh mar bhí sé oireamhnach de gach aon t-saghas spóirt.
    Amach leó agus do bhí capall breágh amuich thugadar capall do Shéamuisín agus dúbhradar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Ristéard Mac Suibhne
    Gender
    Male