School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 136
- XML “An Sprid sa Portach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ag dul ag sguruidheacht oidhche agus bhí sé ana dorca. Do chaithfidh sé dul tré portach ag dul go dtí an tíghe na mbídís ag sguruidheacht. An oidhche seo do chonnaic sé fear ag siubhal roimis agus gan aon ceann air, bhí sé mar a bheadh sé gearrtha dhe le tuagh. Bhí sé ag siubhal leis agus nuair a bhí sé imthighthe tamaillín do thuit a láimh dheis dhe agus glaoidh an fhear air agus dúbhairt sé "féach do chaillis rud éigin" ach ní fhéadfhad sé aon rud d'fheisgint ar an dtalamh agus níor iompuig an duine eile.Nuair a bhí sé imthighthe tamaillín eile do thuit an lámh clé de agus glaoidh an fear air arís ach níor iompaig an duine eile agus ní raibh aon rud ar an dtalamh. Nuair a bhí sé ag déanamh ar deire an phortaigh do chuaidh an corp gan ceann gan lámh síos tríd an dtalamh, D'innis sé do gach aoinne dá raibh sa tig an rud a chonnaic sé agus dúbhairt cuid des na fearaibh go raghaidís amach á lorg ach ní raghfadh an cuid eile aca leo.Tráthnóna amháin tímpeall dá mí na dhiaidh san do bhí an buachaill agus a athair agus a mháthair agus a dhriothár istigh na suidhe tímpeall 'na teine agus nuair a bhí an oidhche ag dorcúgadh d'airigheadar coiscéim duine taobh amuich de'n(continues on next page)
- Informant
- Ristéard Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Na hUláin Thiar, Co. Cork