School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 163
- XML “An Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí tighearna talmhan ar an dtaobh so de Maghchromdha agus isé an ainm a bhí air ná "Cionn na mbeann óir" agus níor réidtig sé féin agus an sagart le chéile i dtaobh a fiaca a dhíol, ach na dhiaidh san bhí truagh aige de's na bochtaibh agus cailleadh é an domhnach 'na dhiaidh san.
Thug an sagart seanmóin uaidh agus bhí sé ag cáineadh an fhir shaidhbhir. Agus cá bhfuil sé anois. Tá sé in iarta ifrinn agus ag rádh na bhfocal san do, tháinig an fear marbh suas an tséipéil dtreó an t-sagairt agus labhair sé leis : -"Mise Cionn na mbeann óir,
Do sia é mo leomhan ná mo saoghal,
Níor chuireas duine as mo thig,
Is níor cuireadh mé as tig Dé,
An sagart úd a thug an breith,
Is nár fhan le h-árd breith Dé
Is an áit nar cheapas mise dul,
Is ann a raghaidh tú féin.- Informant
- Donncadh Ua Críodáin
- Gender
- Male