School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín agus buachaill i ngrádh le céile uair i gcionn mí buaileadh breóidhte an buachaill agus fuair sé bás, do dhein sí cleamhnas airís le buachaill eile i gcionn seachtmhaine, an oidhche a dheineadar an cleamhnas, chonnaic sí an buachaill a bhí marbh agus mar seo a dúbhairt sí:-
“Mo grádh go léir tú agus Dé
do bheatha cúgham
Mo ghrádh do shúil agus t-eadan
leathan glas,
Mo ghrádh do croidhe nár smaoinig
ar mhaithe leat
Is mo grádh fear óg ’sé mo bhrón
bheith sgarta leat
(Do freagair an buachaill ansan í agus is mar seo adúbhairt sé:-)
Ní’l id’ grádh-sa ach mar a beadh
mámh de shneachtadh amuich
Nú tuille sléibh a bheadh tar-éis
lá fearthainne
Nú puist de’n ghaoith de dhruim
na carraige
Agus sian mo grádh-sa agus mo
pháirt(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Thuama
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- An Cheapach Thoir, Co. Cork