School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Martias Ó Luasaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 125
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Page 125
- XML “Scéal Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear oibre ag duine mór agus do bhíodh sé ag aóidhreacht ba agus caoíre do i seana pháirceanna i gcnoc agus do bhí gallánín i gceann des na páirceanna.
Do bhí comgar ag daoine tríd na páirceanna san cun an Aifrinn. Do ghabhaidís chuige gach Domhnach agus núair a bhídís imthighthe uaidh do théigheadh sé chun an galláinín agus deireadh sé a phaidreacha. Do ghabhadar chuige Domhnach eile agus dubharadar leis glúaiseacht chun an Aifrinn agus do ghlúais sé in-aonfheacht leo. Bheil do chúaidh sé isteach sa t-sheipéal ináonfeacht leo. Seadh an san tú. Do bhí gath gréine ag dul tríd an t-séipéal agus do chaith sé a chasóigín mór ináirde ar an ngath gréine agus do choinnibh sé do é agus annsan do bhí na daoine go léir ag féuchaint air agus do bhí an sagart ag féucaint air le h-ionghnadh. D'aithinigheadar go léir gur duine beannuighthe é. Núair a bhí an t-aifreann léighthe d'imthig sé in-aonfeacht leis na daoine go dtí a ghallainín agus go dtí a mba airís agus do ghabhadar chuige Dia Domhnaig a bhí chúghainn airís agus(continues on next page)- Collector
- Diarmuid Ó Céilleachair
- Gender
- Male