School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus is cuimhin le sean-daoine an bhaile go mbíodh sé tighte den sort san ar an mbaile ach níl a luath ná a láthair san ann anois. Tighthe cinn slinne ab eadh iad san leis.
Tá páirc áirighthe san mbaile agus deirtear go raibh dó no trí de tighthe ann timpeall céad is a caogadh bliain ó shoin.
Sé an sloinne is coithcheannta sa mbaile na Croinín, ach tímpeall caogadh bliain o shoin bhí trí clainne den sloinne Cholmáin agus tri clanna den sloinne Croinín. Ach do chúaidh an sloinne Cholmáin in éag le h-imeacht aimsire agus níl ach aon clann amháin de sloinne sin fághta anois.
Tá Gaédhluinn ag gach aoinne ar an mbaile agus labhrann síad é agus tá seisir duine os cionn seachtomadh ann a cuirfeadh Gaédhluinn isteach i bpoll claidhe le cipín. Sé an slí beathadh atá ag na daoine na feirmeoireacht. Timpeall deich mbliadhna o shoin do chuaidh roínnt daoine go h-America ach le déanaí níl aoinne ag dul thar lear.
Tá an baile na luighe istig idir dhá abhainn an Sullán Beag agus an Sullán Mor. Sgarann an Sullán Beag é ar an dtaobh Thuaidh ó Cathair Dáithi agus sgarann an Sullán Mór é ar dtaobh theas o Cúil-an-Bhuacaigh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chéilleachair
- Gender
- Female
- Address
- Ceann Droma, Co. Cork
- Informant
- Donnchadh Ó Colmáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 96
- Address
- Ceann Droma, Co. Cork