School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
- XML Page 402
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíodh dá shocraid ag teacht an bóthar céadhna go dtí an roilig céadhna fadó bhíodh ana rith aca le céile i d'iarraidh torach do bhaint amach. Bé an cúis a bhí aca le beith ag rith le céile ná gur cheapadar go mbeadh an fear a bainfeadh an roilig amach ar thorac go mbeadh sé i Flaitheas Dé roimis an nduine eile. Deireadh daoine eile go gcaithfhead an fear deirneach an t-uisce do tharac chun an fhir toraig sa tSaogal eile.
Is cuimhin liom féin da shocruid a bheith ag teacht an lá ceadhna ón gClaedig go roilig Gobnatan. Fear de mhuinntir Dhuinnín agus fear de mhuinntir Céilleachair a bhí á gcur an lá ceadhna. Istig i dtuscaillí a bhí an dá cómharainn agus ag déanamh ar teóra na gcondae thosnuig an rith. Bhí an capall a bhí ar deireadh ag dil amach ach ma bhí buaileadh an capall agus an tiománaí agus thosnuig an bataraíl agus an musdal.
Deirim se leat gur doirteadh fuil agus gur gortuigheadh daoine go tiubh an lá san(continues on next page)- Collector
- Amhlaoibh Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Address
- Gort an Imill, Co. Cork