School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha
- XML Page 419
- XML “Sprideanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíodh deirí ag Diarmuid Ua Cathasaig san bfeirm atá aige i nGort-an-Imill agus uair amháin do tuit an scéál so amach do duine ó Doire Fhingín. Cuaidh sé sgoruidheacht oidhche agus nuair a tháínig sé abhaile bhí a bean imtighthe a codhladh agus bí corcán leitean le h-ais na teine. Ní raibh aon solus aige agus bí se cun an leite do thóaint amach as an gcorcán agus in ionad an corcán do thógaint do rug sé mhnaói agus deirm-se leat nar fhan puinn ocrfais air. Deineadh tig nuadh do Shéan Ua Ríoghbhardáin (Séan Buisteara) Sliabh Riabhach agus chuaidh se cun cómhnaidhe ann agus fuair se a leithéid de sgannradh ós na púcaí nár chómhnuig sé ann ach aon oidhche amhain.Bhí fear eile ag teacht ó sgoruidheacht i Mágh Cromtha agus é ag dul síos bóthar na Sop da chonaic sé cailín breagh ruadh agus i ag gáiridhe uime agus tuit sé i ngrádh lei agus cuire sé a lamha mór timcheall uirthe agus dfhan sé mar sin go dtí gur cuaidh sé síos go dtí an Droichead(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Uí Luasaig
- Gender
- Female
- Address
- Cloch Eidhneach, Co. Cork