School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deir na sean-daoine na fuli ainmhídhe ar thalamh ná go bfuil a macsamhail san uisge. Tuaidh annsan i Loch Cúil-Aodha - Loch Uí Bhogaig atá oll-phiast agus fuirm capaill uirthe, í díreac mar bhramach agus eirbeall mór fada uirthe. Chonnaic mo dhriofúr féin í lá agus í ag teacht ó Charraig an Adhmaid, acht ní fheacaid sí ach a cheann ós chionn uisce. Sin í an duine is deanaí a chonnaic í. Tamall maith de bhliadhantaibh roimis sin ámhthaigh ní misde a rádh ná gur chuir an piast sgannradh ar triur ban ó Cúil Aodha. Deireadh na bliadhna a bhí ann agus bhí roinnt fear ag baint prátaí sa leacain Iar thear d'en loch i bhfheirm.
Conchúbhar Uí Sheitheacháin anois. Sean athair Conchúbhair a bhí sa bfeirm an uair seo. An lá ceadhna bhí mart ag duine san áit. Ní fheadar ciaca ag fear na meithle no ag duine d'es na cómharsain, acht ar aon chuma amach sa lá thóg na mná na putóga síos go dtí an loch cun iad a glanadh. Pé fheuchaint(continues on next page)- Collector
- Seán Ua Síocháin
- Gender
- Male
- Address
- Ré na nDoirí, Co. Cork