School: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (roll number 14993)
- Location:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Teacher: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear na cómhnaidhe i nGort-na-Tobraid agis cuireadh isteach sa príosún é mar gheall ar rud éigin. Sé a paidir a bhíodh aige á rádh gach oidhche ná "A Ghobnait a dhúthchais do bhí i mBaile Mhúirne tair-se chúgamsa led' cabhair is led' congnaimh." Do bhí fear ag éisteacht leis agus deireadh sé "Beidh sí id chúraim." Timcheall meadhan-oidhche d'airígheadar na dóirse ag osgailt agus tháinig Naomh Gobnait isteach agus sgaoil sí an fear ó Gort-na-Tobraid. Ansan thosnuig an fear eile á rádh "A Gobnait a dhúchais" srl le Gobnait. Dubhairt sí "Beidh mé id chúraim. D'imthigh an cead fear abhaile agus ní raibh fhios aige cá raibh sé ag dul go dtí gur dhúisigh sé in a leabaidh i nGort-na-Tiobraid.
- Informant
- Seán Ua Liatháin
- Gender
- Male
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork