School: Baile Theas (B.), Malla (roll number 4953)
- Location:
- Ballyhass, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Hanluain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an cnoc beag seo suidhte tímcheall trí mhíle ar an dtaobh thoir de Cheann Tuirc. Is ann a troideadh cath fuilteach 'sa bhliadhan 1647 idir Gaedhil agus na Gallaibh. Briseadh ar na Gall nú ba chirte a rádh ar na Gall-Gaedhil agus d'fhagadh 4000 díobh marbh ar pháirc an áir. De réir lucht staire b'é an tubaist úd i gCnoc na n-Os ba chionntocair leis an mbriseadh a tháinig ar Ghaedhil Chúige Mumhan 'na dhiaidh sin. An Tighearna Ínse Cuinn, an fear iomráidhteach úd go dtugaidís na Gaedhil "Murrough the Burner" mar leas-ainm air, abhí mar cheann-feadhma ar na Gallaibh agus bhí an Tighearna Taafe i gceannas ar na Gall-Gaedhil. Is minic a cuirtear an mhilleán ar Taafe mar gheall ar an lá úd agus de réir mar a cloisimíd ní gan cúis é. Is amhlaidh a bhí buidhean Albanach ag cabhrú leis na Gaedhil an lá úd agus bhí an duine iomraidhteach úd Mac Giolla Ciotaigh /(Culcoitt McDonnell go ndeintear trácht air s'in babhar (?) úd "John Splendid" le Neil Munroe) i gceannas ortha. Mar a thuit amach go minic roimhe sin agus 'na dhiaidh i Stair na h-Éireann d'eirig easaontas idir an mbeirt roimh an gcath mar gheall ar feallbheart a dhein Mac Dómhnaill i "gCath Philiphaugh" a troideadh in Albain 1645. Pé sgcéal é dhuiltuigh Taafe cabhar a bhreith do Mhac Dómhnaill in am an ghádhtair agus buadhadh glan ar na Ghaedhil. Mharbhuigheadh Mac Giolla Ciotaigh freisin agus na h-Albanaigh go léir abhí ag cabhrú leis.I dtosach an lae bhí eirghe leis na Gaedhil agus thiomáineadar na Sasanaigh rómpa acht d'eirig clampar(continues on next page)
- Informant
- Mr James O' Connell
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Knocknanuss, Co. Cork