School: Cnoc na Biolaraighe
- Location:
- Watergrasshill, Co. Cork
- Teacher: Dll. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i seilbh an Iarla de Barrymore airís agus d'fhan sé na sheilbh go dtí gur dóghadh é sa mbliain 1771. Deir Windele ina "MSS" gur chuaidh sé tré theine tré thionóisc agus go bhfheadfaí é mhúchadh acht gur cheap lucht ceárd srl tímpeall na h-áite go mbheadh alán oibhre 'á thógaint arís acht bhí [?] ortha mar do réir na tuairisge d'fhág Windele 'na MSS níor tógadh é a thuille. D'fhág an t-Iarla an áit agus d'fhagadh an caisleán 'na fothrach. Tá an falla tosaigh agus beagán den chúl-fhalla le feiscint ann fós agus bá bhreágh tionn láidir na fallaí iad. Sin beagán staire i dtaobh an Cheanntair seo. Táim 'á chur síos annso i dtosach, i dtreo go dtugfí gur chuir na Normanáig fútha go h-ana luath annso, go rabhadar go líonmhar ar fuaid an bhaile seo agus ná rabhadar roimh ró [?] leis na nGaidheal. Sin mar is fearr a thuigfear béal-oideas na h-áite, nuair a chuimneóchfar ar an méid seo.
- Informant
- Dómhnall S. Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Príomhoide