School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Page 073
- XML “Dán don Paorach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mícheál Chormaic do chan Fuaras an t-amhran so ó bheirt; ó Dhiarmuid Diniís ( = Ó Ríogáín ) .I. seanduine gan Bhéarla a bhí na fhear oibre ag an Mánganach i nDoirín Daingin i bpróiste an Sciobairín. Connachtach dob eadh an Mangánach, agus do réitigheadar go breagh le chéíle ar feadh triochad bliain, agus a Ghaeidhilge féin ag gach duine acu. Bhí Diarmuid beagán ait ann féín agus é ana neamh chruinn. Tá an bheirt acu ar shlighe na fírinne le cúpla bliain. Beannacht dílis Dé leo.Tadhg Ó Murthuile ó Chill Pháidín i bpróiste na Léime an fear eile. Tá sé go breagh láidir fós agus é go maith os cionn ceithre fichid. Gaiscidheach dob eadh é agus é óg. Bhí sé thar bárr chun cloch nirt do theilgean, nú chun léim do chaitheamh. Bhí guth maith ceoil aige agus théidheach sé deich míle ó bhaile tráth, ag triall ar dhuine go mbeadh amhrán maith aige. Tá roint mhaith dá chuid curtha insan Lóchrann agum. Tá sé ana chruinn agus tuiscint mhaith aige ar an bhfilidheacht. Gura fada buan do.(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Diarmuid Dinís
- Other names
- Diarmuid Dinís (local name)
- Diarmuid Ó Ríogáin
- Gender
- Male
- Informant
- Taghg Ó Murthuile
- Gender
- Male
- Address
- Kilfadeen, Co. Cork