School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 076

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 076

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 076
  3. XML “Na Déise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Neasa. Daoine misneamhla ba eadh iad, agus moltar go h-árd iad san sgéal san "Cath Ruis na Rí," agus deallruigheann sé gurbh iad a bhí ann nuair a tháinig Rí Cormac isteach ortha le n-a arm. Nuair a bhí buaidhte ag Cormac ortha, d'fhan cuid díobh sa Mhidhe fé chíos, agus d'imthigh an cuid eile dhíobh ó dheas féachaint an bhfuighdís talamhaintí do bhaint amach dóibh féin in áit éigin eile.
    Tugann sgéal na mBárd "Déisi" nó "Déise" ar an ndream d'imthigh agus níl aon chunntas cruinn sa sgéal ar cad do bhain dóibh go dtí timcheall céad go leith bliadhain tar éis fágaint na Midhe dhóibh.
    Innstear go ndeaghaidh na Déise annsan do chongnamh Aonghusa Rí Caisil igcoinne muinntir Osraighe agus gur bhuaidh na Déisi ar na hOsraighigh gairid do Chluain Meala agus gur thiomáineadar chomh fada soir leis an luingeán iad agus go dtug Aongus talamh des na Déise an t-am san.
    Glacann cuid mhaith de sgríbhneóirí na h-aimsire seo leis an sean-sgéal, agus is dóigh leo gurbh iad Déise na Midhe a chuir Ríoghacht Déise Mumhan ar bun timcheall na bliadhna 450 A.D. Ní mar a chéile ar fad an tuairim seo agus tuairm lucht staire níos sia siar, mar atá ag Ruaidhrí Ó Flaithbhearthaigh, an Sagart Mac
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish