School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 077

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 077

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 077
  3. XML “Na Déise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Eochagáin, Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraidhe. Deir siad-san go bhfuair na Déise an talamh ar an taobh theas de'n tSiúir ó Righ na Mumhan igcionn beagán aimsire tar éis fágaint na Midhe dhóibh agus gurbh ann a cuireadh Deise Mumhan ar bun mar scáth tamall beag tar éis na bliadhna 275 A.D. agus gur cuireadh an ceanntar ar an dtaobh thuaidh de'n Siúir leí linn Aonghusa Rí Chaisil.
    Níl aon deifiridheacht mhór idir an dá thuairim sin. Tá gach taobh ar aon fhocal gurbh iad na Déisi a tháinig ón Midhe a chuir Déise Mumhan ar bun agus go bhfuaireadar ceannas ar pé dream daoine a bhí ar an dúthaigh seo rómpa.
    Bíonn caint mar seo ag na daoine ná géileann do'n tsean-sgéal.
    "Rí na Mumhan go thug talamh dóibh! Nach ait an gnó é?"
    "Má bhí Déise na Midhe gan aon talamh a bheith aca ar feadh céad go leith bliadhain, conus a thárluigh go rabhadar láidir go leor i gcionn na h-aimsire sin chun buadhchain ar threibh chomh láidir leis na hOsraighigh?"

    "Ba mar a chéile Déise Mumhan agus Clanna Deaghaidh (na hÉarna) "

    Tá giotaí ins na sean-leabhra a thagann leis an tuairim sin. Tá liosta des na treibheanna a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish