School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Page 311
- XML “Daoine Cáiliúla i Sráid Bhaile Cillfhionnabhrach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is é Cillfhionnabrach mo bhaile dúthchais agus tugtar an ainm sin air mar is é Pátrún na h-áite sin ná Naomh Fachnan. Bhí beirt mach ag an Naomh sin.eadhon:- Naomh Cólman nó mar a tugtar air Naomh Cáimin agus Neamh Peadar. Fear déaghmhóideach agus foghlumta do beadh Cáimin. Do thoga sé áit gairid do Chillfhionnabhrach cun a áit do chaitheamh ag paidreóireacht agus ag machthnamh. Ins an áit seo chuir sé tobar beannuighthe ar bun atá ann fós, agus tugann daoine na h-áite onóir dí, mar úair sa bhliadhain ar lá an Pátrúin téidheann síad ann cun padreacha a rádh. Le h-ais an tobair tá leaba cloiche taitneamhach agus deirtear go gcodluigheadh an Naomh ins an leaba seo gach oidhche. B'sin ceann des na gníomhartha líonmhaire truilluighadh a bhiodh ag déunamh ag an Naomh. Núair a bhíonn daoine gá céasadh ag éagsláinte na súile deirtear go ghéibhinn síad léigheas ins an tobar seo, agus is mó daoine a fúair radharc na súile thar n-ais ó éifecht an uisge. Fear foghlumhta do beadh Naomh Feachnan leis agus do chuir sé mainistir ar bun agus tháinigh na céadhtha scolairí ó gach áit cun fogluim annsúd. Ar an lá indiu níl ach a rían le feischint ach mar(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Ghiolla Íasacht
- Gender
- Female
- Address
- Kilfenora, Co. Clare