School: Liscannor (B.) (roll number 4435)
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Mac Cárthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Liscannor (B.)
- XML Page 115
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ann uair agus 's bí an t-aon locht amháin a bhí uirthi ná go raibh sí ana-leisgeamhail”
Bhí bean ann uair agus 's bí an t-aon locht amháin a bhí uirthí ná go raibh sí ana-leisgeamhail. Bhí sí pósta agus feirmeóir dob eadh a fear. Bhí go leor abhras lín aici le sníom acht ní leigfeadh an leisge dí í a sní. Lá amháin ní raibh aoinne istig acht í féin, cé buailfeadh isteach cuichí acht bean. Dubhairt an bhean seo go sníomhfadh sí an anairt at fad dí acht go gcaithfeadh sí a h-ainm ([agus?] ainm na mná seo). D'innsint dí acht dá dteipeadh uirthi a ainm do dheanamh amach agus go mbead uirthí imtheacht in éinfeacht léi féin. Annsan bhí bean a tighe sásta agus thug sí an anairt ar fad don mnaoi eile agus d'imhig side lei féin. An trathnóna céadhna bhí fear a tighe ag dul go dtí an tobar leis na chapaill. D'eirig sé fuaim fheiscint isteach i lios agus cad a ciothfeadh sé ach bhean agus í ag sníomh ar a dhiar dícheall agus an t-amhrán seo ar subhal aici.Dá mbeadh fios ag Tuathal Duathail
Gurb é Tríopla Trúpla m'ainm sé
Is ró-bhreagh a códlóchad sí an oidhche
Is mise ag cut críoch ar a h-anairt(continues on next page)- Collector
- Áine nic Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Cloghaun, Co. Clare
- Informant
- Máire Ní Cathasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 64
- Address
- Cloghaun, Co. Clare