School: Liscannor (B.) (roll number 4435)
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Mac Cárthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Liscannor (B.)
- XML Page 142
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Fadó in Éirinn do bhí coillte móra ar fud na tíre.”
(continued from previous page)chun cuid aca do bailuí d'fan sí tamall eile ag feachaint ar na h-éininí agus ag éisteacht lena cuid cheóil. Caith sé timcheall uair an chluig mar sin bhí sí chun tamall do tabhairt ag rith nuair cad is cifeadh sí ach mactíre mór agus ar é ina sheasaimh ós a comhair amach. Dubhairt an mactíre leis an cailín cá raibh sí ag dul níl éinne sa tig ach í féin. Cá bhfuil an tig arsan mactíre, ag bun an casáin seo ilár na coille. D'fhag an mactíre an cailín agus chuaidh sé as a radharc agus do chuaidh sé go dtí tig an bhean. Bhuadh sé an doras, cé h-é sin amuigh arsa an t-sean bhean ón leabaidh. "Mise Cochall Dearg arsan mhachtíre agus mo mháthair ag triall ort. Tarraing an téad agus eireothaidh an láiste arsan bhean. Do chuaidh an mactíre isteach agus do mairbh agus d'alp sé an bhean bhocht. Fuair sé culaith an sean mná agus chuaidh sé isteach san leaba. Annsan tháinig Cochall Dearg buail sí ar an doras, cé hé sin amuigh arsan mactíre ón leabaidh. Tá slághdán mór ar an máthair arsan an cailín leí féin nuair a d'airig sí an guth gairbh. Mise Cochall Dearg at sise agus tá rudaí agam le h-aghaidh duit. Tarraing an téad is eireothaidh an láiste arsan.(continues on next page)- Collector
- Áine nic Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Cloghaun, Co. Clare
- Informant
- Bean Uí h-Aodha
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Address
- Cloghaun, Co. Clare