School: Scoil na mBráthar, Inistíomáin (roll number 16678)
- Location:
- Ennistimon, Co. Clare
- Teacher: S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Oidhche breagh gealighe timcheall caoghadh bliadhain ó shoin, bhí cúpla duine ag dul abhaile ó tig ata duidhte i nGleann. Tá an Gleann timcheall míle ó Inis Díomáin agus timcheall trí mhíle ón bhfairrge. Connaic daoine solus breágh timcheall Caisleain Gleanna atá ar an dtaobh theas de bothar ne h-Inse.2. Cuadar suas to dtí an caisleán to neamh-eagla. Chonnachadar poll beag agus dhá slúasad chaithce ar an dtalamh. Thosnuigheadar a déanamh an poll nios mó. Chonnacadar rud buidhe shíos san bpoll. Ní túisce cromadar cun é do thogaont suas ná tháinig tórnac, fearthainn agus spannc. Ritheadar cun fothain d'faghail acht rith maictíre mór na ndiaidh agus bhí ar the daoine imtheacht abhaile comh mear is a bhí in a gcosa.3. Níor dheis aoine eile aon iarracht ar as airgead d'fhaghail, marbhócadh an maictíre iad. Muinntear Mic Lysaght a chuir an tór in bhfolach nuair a bhíodar ag dul thar sáile agus níor thángadar tar nais chun é dfághail.
- Collector
- Liam Ó Céilleachair
- Gender
- Male