School: Cluain an Droma, Mullach (roll number 5267)
- Location:
- Cloonadrum, Co. Clare
- Teacher: Brian Ó Huiginn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí alán frannchaig mór-thimcheall na h-áite agus bhíodar ag ithe gach a bhí aige. Do bhí tinncéar ag siubhal ar an mbhóthar lá agus do chuala sé é sin. Do chuaidh sé isteach ins an tig agus d'fiafruigh sé den bhfear an raibh frannchaif aige. "Ó tá" arsa fear an tighe agus tabharfaidh mé airgead maith dhuit má marbhuighearr tú iad go léir. "Táim sásta" arsa tinncéar ach tabhair dom 5/- agus do thug an feirmeóir dó é. "Ta ocras orm" agus do thug an fear dinnéar bréagh dhó. "Tá tart orm anois" arsan tinncéar. Do thug fear an tighe cupán bainne dó. Nuair a bhí e sin ólta aige dubhairt se go raibh píopa tobaic uaidh. Annsan do thug fear an tighe píopa tobaic dó. Nuair a bhí an tobac aithte aige thosaig sé ag cainnt leis. "Cad mar geall ar na frainnchaig"? ars an feirmeóir "Ó ceadh" ars an tinncéar, agus do bhain sé a chóta de. "An bfuil bloc adhmaid agat."? tá "Agus tuagh maith géar"?(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cloghauninchy, Co. Clare