School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Tomás Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- FIR CHRÓDHAAr an 3adh lá Dheireadh Foghmhair 1907 bhí long ag teacht ó'n Fhrainnc le last cruithneachtan chun dul go Luimnigh. Bhí ceó agus stoirm ann an lá san. Nuair a bhí an long in-aice cósta Ciarraighe níor chonnaic captaen an tigh solais i gCeann Ciarraighe. Chonnaic sé an tigh solais i gCeann Léime agus in-ionad dul suas béal na Sionnaine chuaidh an long ó thuaidh go Cuanta na Mara Báine. Tháinig an long isteach gairid do'n chósta. Briseadh na crainn agus stracadh na seólta. Annsan bhí sí ag imtheacht leis an ngaoith. Thosnuigh an fhuireann ag déanamh comharthaí guaise. Bhailigh mórán daoine ar an dtráigh ag féachaint uirthi.Ar an 5adh lá Deireadh Foghmhair bhí an fhairrge níos séimhe agus chuaidh na h-iascairí ó Choillte agus ó Bhárr na gCros amach i mbádaibh beaga, laga chun an fhuireann do shábháilt. Bhí na daoine ar an dtráigh ag moladh na h-iascairí agus mar sin ní raibh scannradh ar bith ortha. Do shnámh cuid de'n fhuirinn go dtí na báid bheaga. Thug na h-iascairí an chuid eile de'n fhuirinn leo in-a mbádaibh agus thángadar isteach ar an dtráigh. Fuair fuireann na luinge éisteas sa chomharsanacht. San mbliadhain 1909 tógadh teampall beag i gCoillte ar a dtugtar "Réalt na Mara."(continues on next page)
- Collector
- Breandán Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Informant
- Seán P. Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Quilty, Co. Clare