School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Tomás Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 517

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 517

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 517
  3. XML “Stoirm Mhór - Oíche na Gaoithe Móire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    timcheall cúpla céad slat isteach ar an dtalamh. Bhí an t-séipéal á thógáil i Mullach an t-am san agus leag an gáile na clocha.
    B'éigin dos na daoine comhnuidhe do dhéanamh len-a gcuid cáirdibh sa chomharsanacht go dtí go raibh a gcuid tighthe ceangailt agus sa treó ceart arís. Deirtear ná raibh na tighthe ceangailt comh daingean annsan agus atáid anois, acht stoirm an-mhór dob' eadh í agus mar sin bhí sé an-chruaidh ar na daoine.
    Briseadh a lán long ar fuaid cóstaí na h-Éireann agus báthadh iad. Báthadh ceann amháin taobh amuigh d'Oileán na gCaorach agus báthadh an fhuireann go léir acht amháin fear a shnámh go Coillte. Briseadh ceann eile i gCill Chaoidhe.
    Is fada an cuimhneamh atá ar an oidhche sin agus níor thug na daoine aon ainm eile air acht "Oidhche na Gaoithe Móire."

    Stoirm Mhór Eile
    Ar an 26adh lá Feabhra, timcheall na bliadhna 1903, bhí stoirm mhór annso in-Éirinn. Deirtear go raibh sé nííos measa ná "Oidhche na Gaoithe Móire" 1839. Do shéid sé an tuighe a bhí ar na tighthe acht bhí na tighthe níos fearr an uair sin ná mar a bhíodar "Oidhche na Gaoithe Móire." Tháinig sé chúghainn gan coinne agus ní raibh na daoine réidh chuige. Ní raibh na feirmeóirí ag cur a gcuid barraí mar mí na Feabhra a bhí ann. Scuaibeadh mórán féir leis an ngaoith agus leagadh mórán tighthe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. winds (~357)
    Language
    Irish
    Collector
    Breandán Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Informant
    Seán P. Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Quilty, Co. Clare