School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Tomás Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Page 519
- XML “Scoileanna Scairte”
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i lár an rang in-a suidhe ar blocanna adhmaid agus suidheadh na scoláirí mór-thimcheall ortha. Bhíodh píosaí móra adhmaid ag na páistí mar bínsí. Scríobadh na scoláirí le cleití géanna. Scríobhaidís ar slinne a bhíodh ar a nglúinibh aca. Ní bhíodh aon leabair aca, acht bhí leabhar amháin ag an maighistir agus múineadh sé na páistí as an leabhar sin. Múineadh sé Gaedhilg, Stair agus Áireamh dos na páistí. Bhí an Ghaedhilg go maith ag na páistí agus bhídís á labhairt mar bhí meas mór aca uirthi. Gheibheadh na múinteóirí cúpla scilling ó na daoine. Níl rian na scoile ann anois.
(Séan P. Ó Baoighill, Coillte) - Seana-Cheardanna
Coinnle
Dheineadh na sean-daoine coinnle sa mbaile fadó. Nuair a mharbhuighidís caora gheibhidís an bhlunog. Bhíodh dealbhadán aca agus chuiridís snáth-olna isteach trí an dealbhadán mar bhuaiceas. Annsan dheinidís an bhlunog do laigheadh agus líonaidís isteach sa dealbhadán í. Nuair a bhíodh sí cruaidh thógaidís amach í. Is mar sin a dheineadh na sean-daoine coinnle fadó.(continues on next page)- Collector
- Breandán Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Informant
- Seán P. Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Quilty, Co. Clare