School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Comharthaí na h-AimsireTá alán comharthaí ag na daoine san áit seo i dtaobh na h-aimsire. Tugann siad aire do na h-éanlaith, do na ranna neimhe agus do na hainmhidhthe agus is ortha san a bhíonn siad a’braith.
Má bhíonn na fainleóga ag eitilt íseal ins an samhradh comhartha báistighe é sin.
Ma bhíonn an spideóigín ina seasamh ar bharr chrainn ar maidin deirtear go mbeidh an lá go breagh.
Má bhíonn an lá fliuch agus má chloiseann tú an smólach ag cantain stopfaidh sé den bháisteach.
Maidir leis na ranna neimhe –
Deirtear má bhíonn ceo timcheall na gealaighe sin comhartha báistighe.
Ma bhíonn na réalta go han geal bíonn se a’cur seaca.
Ma bhíonn an ghrian dearg is é a dul fé sin comhartha d’áilneacht is teas.
Má bhíonn breis teasa san ngréin beidh go leor fearthainne ann.
Nuair a thagann ceo ar Shliabh Chailceach agus nuair agus nuair a théigheann sé suas go dtí an bearna mór atá sa Sliabh deagh-chomhartha é sin.
Má théigheann sé síos droch-chomhartha seadh é sin.
Ceapann daoine go mbíonn na sléibhte níos goire dóibh uaireannta ná a chéile agus uaireannta ceapann go bhfuil siad an-fhada uatha. Deagh-chomhartha é(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Aodh Mac Siordan
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan