School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 250
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bhíodh an solus sin aca freisin.
Bhíodh bascáid déanta san áit seo fadó. Sé an chaoi a déintí iad ná: Cuireadh na daoine na slait síos chun lad a bheirbiú agus thuitfeadh an croiceann díobh. Annsin is as na slait a deintí iad. Siad na daoine a dhéanadh na bascáid ná Micheál Mac Samhráin as Mullaigh, Gleann-Gaibhleann, Seán Mac Samhráin agus Pronnsias Mac Samhráin as Corraglas, Gleann-Gaibhleann, agus Peadar Mac Samhráin as Lisbeah, Gleann-Gaibhleann, Co. an Chabháin.
Fígheadóireacht:Bhíodh an figheadóireacht ar suibhal san áit seo fadó. Nuair a bhíodh an líon réidh aca chuiridís i bpoll uisge é agus clocha móra troma os a chionn chun é a choimeád fé uisge. Na dhiaidh sin tugadh as an pholl é. Lasadh teine mhór i sgioból bhíodh bíomaí os cionn na teine agus cuireadh an líon ar na bíomaí chun é a thiormú. Nuair a bhíodh sé tirim deintí é a scothadh. Na mná is mó a rinne an obair sin. Bhíodh dhá phíosa adhmaid aca mar seo lámh-fhada cuimhais géar (pictiúr) i gcóir na hoibre.Nuair a bhíodh an sgothadh ar suibhal ag na mná bhíodh an spórt is siamsa aca. Thagadh sluagh mór aca go teach éigin agus dhéinidís an obair ann. Taréis na hoibre bhíodh féasta is damhsa aca. Bhíodh lá an ghnóthach ag bean a' tighe sin ag déanamh cácaí min-coirce i gcóir na hoidhche. Dheineadh sí maisteadh chomh maith ionnus go mbéadh im úr aca. Ní bhíodh tae ar bith aca ach(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan