School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 255
- XML “Gnása i dtaobh Pósadh”
- XML “In Aimsir na bPéindlíthe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an tuighe. Téigheann siad isteach sa teach agus déineann siad dreas ceóil agus babhta rinnce - ceathrar díobh féin ar dtúís agus annsin an lánamha nua-phósta, an bean choimhdeachta agus an fear coimhdeachta. Gheibheann na buachaillí fuisge ach ní ghlacann siad é. Annsin ag dul abhaile dóibh deinid teine mhór des na hataí agus tosnuigheann siad a' ghlaodhach is a' bualadh bos. Téigheann an lánamha nuadh-phósta abhaile chuig teach an fhir agus deirtear nár cheart don chailín dul go dtí a teach féin go mbídh mí caithte aice i na teach nuadh. Tagann sí féin is a fear abhaile annsin ar "chuairt na míosa" is bíonn féasta is siamsa aca i dtigh a hathar an lá sin. Fuair mé é sin ó mathair.
Aodh Mac Siordan,
An Carraig,
Gleann-Gaibhleann - In Aimsir na bPéin Dlighthe.
Carraig na h-Áltanna GarvoltBhíodh an sagart ag léigheamh Aifrinn annsin is é ar chrith le h-eagla go dtuicfadh na Redcoats anuas air i ngan fhios dó. Bhí na spiairí ann - daoine a bhíodh i gcomhnuidhe a' féacaint an bhfeicfeadh siad sagart in aon áit mar bhíodh go leór airgid le fághail ag an té a bheirfeadh ar sagart in áit éigin. "Priesthunters" a tugtaí ortha. Bhíodh ar an sagart bocht dul thart i mbréigriocht go dtí na(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan