School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 261
- XML “Na hÉin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)caonach. Ceithre cinn de uibhe a bhíonn ann agus dath gorm a bhíonn ortha.Déineann an fhainleog a nead istigh i gcró nó fa dhíon tighe. As caonaoch cré agus cúnlaigh a dhéanann sí é. Ceithre cinn de uibeacha a bhíonn ann agus dath gorm a bhíonn ortha.Déineann an traona a nead ins an bhféar fhada. Bíonn cúig nó sé uibheacha a bhíonn ann agus dath liath le spotaí a bhíonn ortha. Déineann an dreoilín a nead ins an mbun tsop. As caonach a dhéineann sí é. Bíonn caonach aice agus nuair a bhíonn sí a' dul isteach tarraigeann sí isteach é is ní féidir a nead a fheiceál annsin. Bíonn trí cinn déag de uibheacha ann agus dath bán a bhíonn ortha.Coigchíos a bhíonn na héin bheaga óga in a luighe ar na huibheacha agus bíonn na héanlaith móra níos faide ná sin.Má bhaineann na buachaillí le nead éin tréigfidh an téan an nead.
Is féidir a dhéanamh amach cén sort aimsire a bhéas ann le aire a thabhairt do na héanlaith.Má bhíonn an fhainleog ag eitilt íseal ins an samhradh beidh báisteach ann.Má bhíonn an corr ag glaodhach ar bhruacha na nabhann beidh tuilte ann. Má bhíonn na preacáin bailighthe le chéile ar thaobh an tsléibhe deagh chomhartha seadh é ach má bhíonn siad(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Aodh Mac Siordan
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan